Tuarascáil Speisialta 120 - GNBS: dul chun cinn maidir le baint amach cuspóirí, mar a bhí ag deireadh na bliana 2024
Cuireadh an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS) ar bun i mí na Nollag 2009 mar chuid lárnach de fhreagairt an Stáit ar ghéarchéim bhaincéireachta 2008. Sonraíodh cuspóirí agus feidhmeanna GNBS san Acht fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní, 2009 (Acht GNBS). An croí-smaoineamh a bhí ann ná go nglacfadh GNBS seilbh ar iasachtaí a raibh baint acu le réadmhaoin ó na bainc thráchtála agus go ndéanfaí na hiasachtaí seo agus aon chomhthaobhacht bhainteach — réadmhaoin go príomha— a choimeád agus a bhainistiú agus, faoi dheireadh, go bhfaighfí réitithe de na sócmhainní sin ar an gcaoi ab fhearr a chosnódh leas an Stáit. Ansin, thabharfaí GNBS chun críche.
Faoi stiúir an Aire Airgeadais sa bhliain 2021, cuireadh tús le tabhairt chun críche GNBS ar bhonn céimnitheach eagraithe. Tá GNBS ag obair i bpáirt le Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) chun aon sócmhainní nó gníomhaíocht iarmharach a aistriú chuig Aonad Réitigh de chuid GBCN faoi dháta atá le sainiú ag an Aire Airgeadais, chomh luath is a bheidh an reachtaíocht scortha a theastaíonn i bhfeidhm.
Le hAlt 226 d’Acht GNBS, tá sé de cheangal ar an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste measúnú a dhéanamh gach trí bliana ar dhul chun cinn GNBS i dtaca lena chuspóirí foriomlána a réadú. Is é seo an cúigiú tuarascáil ar dhul chun cinn. Tá breithniú sa tuarascáil ar dhul chun cinn GNBS i dtreo baint amach a chuid cuspóirí a fhad le deireadh na bliana 2024 agus tá faisnéis ann ar nithe ábhartha a thit amach anuas go dtí dáta an tuairiscithe.
Iasachtaí agus fiacha bainteacha de chuid GNBS
D’íoc GNBS €31.8 billiún san iomlán chun iasachtaí a raibh baint acu le réadmhaoin a ghlacadh chuige féin ó chúig institiúid airgeadais. Maoiníodh an sealbhú trí fhiachas sinsearach (€30.2 billiún) agus fofhiachas (€1.6 billiún) faoi ráthaíocht a eisiúint.
Laghdaíodh luach na n-iarmhéideanna iasachta de chuid féichiúnaithe GNBS ó €28 billiún ag deireadh na bliana 2010 go dtí thart ar €96 milliún ag deireadh na bliana 2024. Baineadh é seo amach go príomha trí iasachtaí/sócmhainní a dhíol agus ghlan iasachtaithe roinnt iasachtaí ina n-iomláine. Bhí na hiasachtaí iarmharacha, ag deireadh na bliana 2024, á n-urrú le sócmhainní a bhí lonnaithe go príomha in Éirinn.
D’aisíoc GNBS an €30.2 billiún dá fhiachas sinsearach ina iomláine faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair, 2017. Bhí an fofhiachas de €1.6 billiún fuascailte ina iomláine i mí an Mhárta, 2020. D’fhág sé seo gur aisíocadh an fiachas iomlán de €31.8 billiún laistigh den sprioc-amlíne fuascailte.
Aisghabháil costas
Cé is moite de ghlanchaillteanas a tabhaíodh sa bhliain 2010, an chéad bhliain i bhfeidhm dó, ghin GNBS brabús glan gach bliain. Leag Bord GNBS cuspóir straitéiseach síos go ndéanfaí gach costas a aisghabháil gan dul i dtuilleamaí iasachtaí eile. Chomhlíon GNBS an cuspóir seo.
Ag deireadh na bliana 2025, thuar GNBS gurbh ionann a bharrachas saoil agus €5.15 billiún faoin am a dtabharfaí chun críche é. Cuimsíonn sé seo dhá ghné: aistrithe airgid chuig an Státchiste, agus aistrithe sócmhainní chuig an nGníomhaireacht Forbartha Talún (GFT) agus chuig Aonad Réitigh GBCN.
- D’aistrigh GNBS suim iomlán de €4.25 billiún chuig an Státchiste idir 2020 agus 2024. I mí na Nollag, 2025, d’aistrigh GNBS €450 milliún eile chuig an Státchiste, rud a d’fhág gurbh ionann an barrachas iomlán a aistríodh agus €4.7 billiún.
- D’aistrigh GNBS fochuideachta dar glanluach sócmhainní de €356 milliún chuig an GFT ar an 1 Iúil, 2025. D’aistrigh sé chomh maith luach €68 milliún de réadmhaoin chuig an GFT i mí Mheán Fómhair 2025.
Ráta sochair
Tá sé de chuspóir reachtúil ag GNBS (alt 10 d’Acht GNBS) “an sochar airgeadais is fearr is inréadaithe a bhaint amach don Stát”. Níor forordaíodh an chaoi a ndéanfaí an sochar airgeadais a thomhas.
Is ionann an ráta sochair inmheánach (RTI) agus méadracht chaighdeánach feidhmíochta le haghaidh infheistíochtaí a bhaineann le réadmhaoin. Níor leag GNBS síos sprioc-RTI dá chuid oibríochtaí.
Nuair a bhí GNBS ag glacadh seilbh ar na hiasachtaí ó na hinstitiúidí rannpháirteacha, rinne sé sreafaí airgid a raibh sé ag súil leo thar shaolré na n-iasachtaí a réamh-mheas. Rinne sé na sreafaí airgid seo a lascainiú ar mheánráta 5% chun teacht ar luachanna éadála na n-iasachtaí. Dá dtagadh na sreafaí airgid isteach go díreach mar a bhí réamh-mheasta, b’amhlaidh go mbeadh RTI de 5% ginte ag GNBS ar a infheistíocht.
Mar chuid den imscrúdú seo, measadh gurbh ionann an RTI réamh-mheasta ar oibríochtaí foriomlána GNBS thar a shaolré agus thart ar 6.8%, bunaithe ar an bhfaisnéis airgeadais a bhí ar fáil ag deireadh na bliana 2024. I bhfianaise an mhéadaithe ar bharrachas saolré réamh-mheasta a thuairiscigh GNBS ag deireadh na bliana 2025, is féidir go mbeidh an RTI deiridh beagán níos airde ná 6.8%.
Léiríonn an toradh seo feidhmíocht saolré beagán níos fearr ná mar a bhí coinne léi nuair a ghlac GNBS seilbh ar a phunann iasachtaí ó na hinstitiúidí airgeadais rannpháirteacha.
Réadmhaoin thráchtála
Sa bhliain 2014, ghlac GNBS le cuspóir tánaisteach — forbairt cóiríocht oifige i mBaile Átha Cliath a éascú.
Faomhadh scéim pleanála Chrios Forbartha Straitéisí (CFS) Dhugthailte Bhaile Átha Cliath sa bhliain 2014. Ag an am, bhí leas ag GNBS in 75% den talamh a bhí fós le forbairt sa chrios. Cheadaigh Bord GNBS plean straitéiseach gnó do na láithreáin. Níor cuimsíodh sa phlean gnó aon spriocanna foirmeálta maidir leis na cuspóirí sonraithe.
Faoi dheireadh mhí na Nollag 2024, cuireadh síos maidir le gach forbairt in CFS Dhugthailte Bhaile Átha Cliath ina raibh leas ag GNBS go raibh siad curtha i gcrích agus/nó díolta. Is é a d’eascair as rannpháirteachas GNBS gur soláthraíodh 393,000 méadar cearnach (m2) de spás tráchtála agus 2,183 aonad cónaithe ar na láithreáin seo. Le fuascailt leasanna GNBS sna forbairtí seo, gineadh barrachais, rud a chuir le barrachas foriomlán saoil GNBS.
Ar leithligh uaidh sin, chuimsigh CFS an Phoill Bhig Thiar, mar a raibh roinnt láithreán tionsclaíoch nó iar-láithreán tionsclaíoch, dhá láithreán mhóra taobh leis, a cinntíodh do GNBS. Bhí d’acmhainn leis na láithreáin sin go bhféadfaí suas le 3,800 aonad cónaithe agus thart ar 93,000m2 de spás tráchtála a lonnú orthu. I mí an Mheithimh, 2021, fuair cuibhreannas scairsheilbh de 80% sa chuideachta ar léi na suíomhanna ar €200 milliún. Choinnigh GNBS scairsheilbh mhionlaigh 20% sa chuideachta go dtí mí an Mheithimh 2023, nuair a dhíol sé a leas leis an gcuibhreannas forbartha.
Soláthar Tráchtála Tithíochta
- Aonaid tithíochta á soláthar go díreach ag GNBS
I mí na Samhna, 2015, ghlac Bord GNBS go foirmeálta le plean seachadta aonad cónaithe. Leagadh amach ann an rún a bhí acu “maoiniú a chur ar fáil agus comhordú a dhéanamh chun 20,000 aonad cónaithe a sholáthar faoi dheireadh na bliana 2020”. Aithníodh sa phlean go mbeadh sé dúshlánach an sprioc sheachadta a bhaint amach.
Níor réadaigh GNBS sprioc aschuir na n-aonad cónaithe. Faoi dheireadh na bliana 2021, bhí 11,049 aonad curtha ar fáil aige ar láithreáin a raibh leas aige iontu. B’ionann seo agus 55% den sprioc a bhaint amach, bliain níos moille ná mar a bhí tuartha an chéad lá.
Ina phlean straitéiseach 2022 – 2025, leag GNBS sprioc úr síos, go ndéanfaí 1,800 aonad cónaithe a sheachadadh i mBaile Átha Cliath agus sna ceantair máguaird. Rinne Bord GNBS an sprioc sheachadta don tréimhse a athbhreithniú ar bhonn bliantúil agus i láthair na huaire, is 1,395 aonad atá i gceist.
Sholáthair GNBS 1,294 aonad cónaithe sa tréimhse 2022 go 2024.
Idir R4 2015 agus deireadh na bliana 2024, sholáthair GNBS 12,343 aonad cónaithe san iomlán ar láithreáin a raibh leas aige iontu.
- Seachadadh aonad cónaithe ar láithreáin a díoladh
Is é a mheasann GNBS, agus monatóireacht á déanamh aige ar réadú sheachadadh na n-aonad cónaithe, gur cuí freisin líon na n-aonad a tógadh ar láithreáin arna ndíol ag féichiúnaithe/glacadóirí GNBS a chur san áireamh. Sa chás inar díoladh láithreáin, áfach, níl aon smacht ag GNBS ar an amscála a bhaineann lena bhforbairt agus ní chuireann sé iasachtaí ar fáil le tógáil a dhéanamh.
Mheas GNBS gurbh fhéidir, ar na láithreáin a bhí díolta ag féichiúnaithe/glacadóirí GNBS faoi dheireadh na bliana 2024, 105,000 aonad cónaithe a sholáthar. Faoi dheireadh na bliana 2024, meastar go rabhthas tar éis 27,108 aonad a thógáil ar láithreáin a díoladh. Níl sa leibhéal seachadta seo ach 26% d’acmhainneacht mheasta fhoriomlán na láithreán forbartha cónaithe a bhí díolta ag féichiúnaithe/glacadóirí GNBS faoi dheireadh na bliana 2024.
Tithíocht Shóisialta
Fuair GNBS leas i roinnt forbairtí réadmhaoin chónaithe nuair a ghlac sé seilbh ar na hiasachtaí ó na hinstitiúidí rannpháirteacha. Cuimsíodh sna forbairtí seo aonaid chónaithe i roinnt mhaith áiteanna agus ag céimeanna éagsúla críochnaithe. Measadh go raibh féidearthachtaí ag baint le cuid de na forbairtí chun freastal ar an éileamh atá ann ó thaobh tithíochta sóisialta de. I ndeireadh na dála, is ar na húdaráis áitiúla agus comhlachtaí ceadaithe tithíochta (CCTanna) a luíonn an fhreagracht maidir le hoiriúnacht a dhéanamh amach.
Ag céim luath, leag GNBS sprioc síos go ndéanfaí 2,000 aonad cónaithe sóisialta a sholáthar faoi dheireadh na bliana 2015 agus baineadh amach an sprioc seo. Níor leag GNBS síos aon sprioc sheachadta eile maidir le haonaid tithíochta sóisialta.
Laistigh dá phunann, shainaithin GNBS líon iomlán 7,653 réadmhaoin chónaithe a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach do thithíocht shóisialta agus thairg go ndíolfaí iad le húdaráis áitiúla agus CCTanna. Níor glacadh ach le beagáinín faoi bhun 39% de na tairiscintí réadmhaoine seo.
Faoi dheireadh na bliana 2024, bhí líon iomlán 2,957 aonad curtha ar fáil/geallta ag GNBS le haghaidh tithíocha sóisialta.
Is trína fochuideachta, Seirbhísí Maoine Cónaithe Sócmhainní Náisiúnta DAC, a fuarthas seilbh ar bheagán faoi leathchuid (1,366 nó 46%) de na haonaid tithíochta sóisialta a sholáthair GNBS go dtí deireadh na bliana 2024, gur lig sí ar léas iad le CCTanna. Sula dtabharfaí GNBS chun críche, aistríodh an chuideachta agus a stoc tithe chuig an nGníomhaireacht Forbartha Talún ar an 1 Iúil 2025. Tá luach an stoic tithíochta sin san áireamh sa bharrachas carnach saoil a bhfuil tagairt dó thuas.